Stair na mBráithre ag teacht go dtí an Daingean

Ó tháinig na Bráithre go dtí an Daingean i 1848 cuireadar mianta agus aisling a bhunaitheoir Iognáid Rís chun cinn ag cur oideachais ar fáil do bhuachaillí an Daingin. Seo a leanas mar a tháinig na bráithre go dtí an Daingean.

Timpeall na bliana 1840 bhí muintir na hÉirinn i gcrua-chás agus níorbh aon eisceacht é an Daingean. Deineadh iarracht muintir an Daingin a mhealladh ón gcreideamh caitlilicigh trí bhia, tithíocht agus airgead a thabhairt dóibh siúd a chasadh i gcoinne an chreidimh caitlicigh, agus is mó duine a dhein!

Cuireadh 5 sagairt ar an gcéad mhisiúin go dtí an Daingean. Toisc nach raibh Gaeilge ag na sagairt ar fad cuireadh roinnt bráithre chríostaí go raibh Gaeilge ar a dtoil acu leo. Ag an am sin ní raibh aon scoil ag buachaillí an Daingin agus d’oscail na bráithre an chéad scoil i Halla Linéadach Sráid Eóin i 1848.

Mhúineadar i Halla Linéadach Sráid Eóin ó 1848 go 1873, ach bhí orthu scoil nua a thógaint ansan toisc meadú ar líon na mbuachaillí. Tógadh an scoil ar suíomh seana bheairic a tógadh i 1702. Tógadh an mhainistir le gainneamhchloch i bhfoirm ‘L’ .Lámh na scoile díríthe i dtreo an deiscirt ionas go bhféadfadh na buachaillí sult a bhaint as an ngrian agus lámh eile na mainistreach dírithe i dtreo na gréine iartharach.

Ó 1895 ar aghaidh bhí an bunscoil ar cothrom na talún agus an meánscoil ar an chéad urlár. I 1965 tógadh bunscoil nua i ngort na mBráithre in aice leis an mhainistir agus cuireadh leis an meánscoil sa mhainistir.I 2007 bhog buachaillí na mainistreach go dtí Pobalscoil Chorca Dhuibhne sa Ghróbh.

Scríbhte ag buachaillí Rang 2 agus 3 (Rang Róisín) 2010.