Seo chugaibh griangrafanna do Kay Uí Shúilleabháin a chaith 27 bliana ag múineadh i Scoil Iognáid Rís Daingean Uí Chúis agus Míchéal Ó Conchúir a chaith 37 bliana ag múineadh ann leis.Tháinig Míchéal ar scoil ar rothar agus é mar dhalta ann é féin i 1967 agus d’fhág sé an scoil i 2020 i BMW le “soft top”.Le srianta Covid ní fhéadfaimis céiliúradh ceart a dhéanamh ar na mblianta geala a chaitheadar sa scoil, ach faraoir geallaigh an lá agus geallaigh na buachaillí sprid an Daingin nuair a chuaigh banna ceoil na scoile timpeall an Daingin ina mboilgeoga agus scaradh soisialta leis ag seinmt ceoil . Fuaireadar beirt an t-aitheantas a bhí tuillte acu.Guímid saol fada sláintúil orthu beirt agus súil againn go mbainfidh siad sult agus taitneamh as an dtréimhse ar scor.Gach rath oraibh Róisín,Seán,Michelle,Mary, Ita,bord,buachaillí agus tuismitheoirí Scoil Iognáid Rís.