Ráiteas um Polasaí COVID -19

 

Tá Scoil Iognáid Rís tiomanta ionad oibre sláintiúil agus sábháilte dár bhfoireann ar fad agus timpeallacht foghlama shábháilte dár ndaltaí uile a chothú. Chun é sin a chinntiú tá an Plean Freagartha COVID-19 seo forbartha againn. Tá Bainistíocht agus foireann na scoile go léir freagrach as cur i bhfeidhm an phlean seo agus cuideoidh iarracht chomhchoiteann le bac a chur ar scaipeadh an víris. Tá sé mar aidhm againn:

  • leanúint ar aghaidh le monatóireacht a dhéanamh ar ár bhfreagra COVID-19 agus an plean seo a leasú i gcomhairle lenár bhfoireann

  • eolas suas chun dáta maidir le treoracha sláinte phoiblí an FSS agus Gov.ie a chur ar fáil dár bhfoireann agus daltaí

  • eolas faoi chomharthaí COVID-19 agus conas ba cheart do lámha a ní a thaispeáint

  • ionadaí oibrithe atá furasta a aithint a aontú leis an bhfoireann chun an ról atá leagtha amach sa phlean seo a chomhlíonadh

  • an fhoireann agus na daltaí go léir a chur ar an eolas faoi shláinteachas riachtanach mar aon le béasaíocht anála agus riachtanais scaradh sóisialta

  • an scoil a athchóiriú chun scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm mar is oiriúnach le treoracha agus orduithe na Roinne Oideachais

  • logleabhar teagmhála a choimeád chun chabhrú le rianú teagmhála

  • cinntiú go rachaidh an fhoireann i dteagmháil leis an bhfaisnéis ionduchtaithe/ taithíocha a chuir an Roinn Oideachais ar fáil

  • an próiseas comhaontaithe i gcás go mbeadh duine sa scoil ag taispeáint na gcomharthaí de COVID-19 agus iad ar scoil a chur i bhfeidhm

  • treoracha a chur ar fáil don fhoireann agus do na daltaí i gcás go bhfuil siad ag taispeáint na gcomharthaí de COVID-19 agus iad ar scoil glantóireacht a chloíonn le treoracha na Roinne Oideachais a dhéanamh

Rachfar i comhairliúchán leis an bhfoireann ar bhonn leantach agus fáiltítear roimh aiseolas ar ábhar imní ar bith, fadhbanna nó moltaí. Is féidir é seo a dhéanamh tríd an bPríomhionadaí Oibrithe Róisín Uí Bheaglaoi, a dtacófar léi de réir an chomhaontaithe idir an Roinn agus na páirtithe oideachais.

 

Síniú: Máire Uí Fhlaithimh      Dáta: 18/08/20